Club Beag Ióga

I mbliana cuireadh tús le club beag ióga i mBaile Átha An Rí.

Is éard atá i gceist le hÍoga ná cleachtadh chiúin suaimhneach, ina ndéantar gluaiseachtaí coirp atá mall & aireach.

Le linn cleachtadh Ióga, bíonn béim curtha ar an anal agus ar smaointí eile a dhíbirt. An aidhm atá ag Ióga ná le “teannas físiúil agus inmheánach a réiteach”. Déantar sin le matáin a shíneadh agus páirt an choirp a shearradh/ a fháscadh le tocsainí a scaoileadh.

Sna seisiún, go dtí seo, rinneadh cleachtadh ar “Surya Namaskar” ( सूर्यनमस्कार). Le cabhair agus tacaíocht ó Gaeilge Locha Riach agus ó Foras na Gaeilge, tá fearas ar fad nua-sealbhaithe againn idir: mataí ióga; bloic ióga, pluid, coinnle, plandaí agus dóirí túise (-rud a chur go mór le ráth an chlub)

Tá muid ag súil go mór leis an scoilbhliain úr romhainn, ionas go mbeidh muid in ann bualadh lena chéile arís eile.