Ceisteanna coitianta /FAQ

Céard is machnamh ann?                          

 “Den chuid is mó tuigtear machnamh mar ghníomhaíocht fhoirmiúil, ina mbíonn daoine ina suí agus tá béim ar anáil agus ar chompord. Is iomaí aidhm a bhaineann le machnamh: an meon a shocrú; síocháin a fháil; léargas spioradálta a bheith ag daoine nó fiú a bheith níos airdeallaí. Go minic bíonn tréimhse ama cinnte machnaimh ann. Uaireanta bíonn stiúradh ann, uaireanta eile ní bhíonn, is iomaí leagan de mhachnamh atá ann”                         (Bunaithe ar an sainmhíniú ag an bhFocloir Oxford (2020))

 

Céard is aireachas ann?

Is éard atá i gceist le hAireachas ná aird iomlán a thabhairt agus tú ar an airdeall le gach uile ghné timpeall ort/agus ionat, cibé gníomh atá idir lámha agat. Nuair atá aireachas á dhéanamh ag daoine, bíonn siad ag tabhairt faoi deara cad atá ag tarlú ina dtimpeall, idir tosca inmheánacha agus tosca timpeallachta idir mhothúcháin, ghluaiseachtaí srl.

Is féidir gníomh ar bith a dhéanamh go haireach (Bunaithe ar an sainmhíniú ag an bhFoclóir Oxford (2020))

 

Céard é an difríocht idir machnamh agus aireachas?

Spreagann machnamh síocháin - Spreagann aireachas feasacht….

Is tréith d’fheasacht é aireachas ina bhfuil neart cleachtais agus gníomhaíochtaí éagsúla ann. Is féidir úsáid a bhaint as aireachas úsáidte gan aon mhachnamh a bheith ann. Ní bhíonn am faoi leith ag aireachas den chuid is mó. Is é an rud is tábhachtaí san aireachas ná a bheith ar an airdeall faoi do chuid mothúcháin éagsúla.

Is cleachtas/ gníomh é  machnamh. Is gníomh aireachais é an machnamh. Bíonn am faoi leith ag machnamh. Is é an rud is tábhachtaí sa mhachnamh ná a bheith ag díriú ar an análú, agus ar aon smaointe eile a dhíbirt.


Céard iad na buntáistí le haireachas?

Is iomaí buntáiste a bhaineann le haireachas rialta a dhéanamh ina meas bíonn:


Níos lú struis; Rialú ar imní/ ar bhuairt; Níos mó foighne; Bíonn daoine buíoch dá saol s’acu; Bíonn daoine in ann aird a thabhairt ar ghníomhachtaí d’am níos faide; Bíonn daoine níos tuisceanaí, níos láiche & níos béasaí dá cheile; Coladh níos fearr; Cuimhne níos fearr; Giúmar níos fearr; Pian a rialú; Brú fola a laghdú; Cinntí a dhéanamh níos éasca; Rialú ar IBS; Ag láimhseáil mothúcháin chasta níos fearr; Cabhraíonn sé le cailleadh meáchain; Cabhraíonn sé le torthúlacht agus anuas ar sin ar fad, méadaíonn sé cruthaitheacht an duine