Machnamh& Aireachas le Lisa

Áit lárnach do dhéagóirí, agus múinteoirí timpeall na tíre, le scileanna aireachais a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge

Fúm Féin

Is mise Lisa. Is múinteoir iar-bhunscoile mé, in iarthar na tíre. Le linn na paindéime, bhí mé ag iarraidh tuilleadh tacaíochta a thabhairt de mo chuid daltaí ó thaobh na meabhairshláinte de agus thug mé faoi deara nach raibh mórán aiseanna aireachais ann trí mheán na Gaeilge.

Mar sin, in Iúil 2020 thosaigh mé ag déanamh cúrsa iarchéime le UCD agus mar ábhar tionscadail, thosaigh mé ag dearadh clár oideachais “Machnamh agus Aireachas le Lisa”. I ndiaidh an dioplóma iarchéime sin, bhain mé amach teastas múinteoireachta san Ióga le Yoga Alliance Ireland agus teastas eile sa mhúinteoireacht Mhachnaimh le Irish Mindfulness Institute. Le cabhair agus spreagadh ó Alan, Jacinta & Eina (UCD) agus ó Steph (COGG), chuir mé an suíomh idirlín seo le chéile ionas go mbeidh áit lárnach ag déagóirí, agus múinteoirí timpeall na tíre, scileanna aireachais a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge.

Tá súil agam go mbaineann sibh taitneamh agus tairbhe as.

Níl aon airgead i gceist leis na háiseanna nó le haon chuid den ábhar seo, ach iarraim oraibh má thaitníonn sé libh go scaipfeadh sibh an scéal i measc cairde & comhghleacaithe

 Namaste – Beir Bua!

Táimid buíoch den Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta as cuid den mhaoiniú a chur ar fáil don tionscadal seo.

@Mall_Ireland (instagram)